Leanaigí Fiach go Catharlagh
Author: Dave Barron
Air: Follow Me Up To Carlow

Dublin Core

Title

Leanaigí Fiach go Catharlagh
Author: Dave Barron
Air: Follow Me Up To Carlow

Subject

Leanaigí Fiach go Catharlagh Údar: Dave Barron

Múch Mac Cahir Óg do bhrón,
Ná bí ag gol ‘s ologón
Toisc ruathar mór Fitzwilliam dú
Scrios baile is do theaghlach.
Bhí smaointe bua I gcloigeann Gray,
Ba ghearr go mbrisfear arm na nGael
Go dtí gur bhuail I nGleann Uí Mháill
Le Fiach Mac Hugh O’Byrne.

CURFÁ
Mionnaí móra ó na Gall,
Sleá ‘s claidheamh I ngreim na Gael
Le geall ar Saoirse, bás nó saor;
Óglaigh, fíachmhar, cróga.
Éirigí suas mo laochra Gael,
Cuir as ár dtír na míolra Gall,
Bain taithneamh as lá nua saor,
Leanaigí Fiach go Catharlagh.

Féach na Gael I nGleann Uí Mháill
Ag scanradh lucht na Gall sa Pale;
Óglaigh Gaeil le fonn ar fuil
Na Gallaibh bocht a stealladh.
Ní ghlachfaidh Gael le masla Gall,
Is laochra iad gan meas ar feall,
Glanfaidh said Éire ‘nois gan moill,
Sean tír ár sinsir feasta.

CURFÁ

Ó Tassagart go Cluain Mór
Tá laochra Gael na Gall ag scoir;
Maith thú Rory Óg O Moore
Ag scrios na Gallaibh millte.
Tá White faoi brú, Lane ag éalú
Na Sasanaigh uilig faoi brú;
Seolfaimíd ceann Fitzwilliam dú
I mbosca beag go Liza.

CURFÁ

Description

Seo leagan Gaeilge de'n amhrán cáiliúla Follow Me Up To Carlow a chum P.J. McCall.

Files

Collection

Citation

“Leanaigí Fiach go Catharlagh Author: Dave Barron Air: Follow Me Up To Carlow,” From Carlow Streams, accessed April 23, 2024, https://fromcarlowstreams.ie/items/show/296.