Máthair Fonn: May Morning Dew
Údar: Dave Barron

Dublin Core

Title

Máthair Fonn: May Morning Dew
Údar: Dave Barron

Subject

Is amhrán grá é May Morning Dew: cén grá is mó atá ann ná an grá idir máthair agus leanbh? Ní hionann é agus grá do pháirtí, leanbh, garpháiste, athair nó cara. Tá sé uathúil ina dhoimhneacht agus ina mhín agus is minic, faraor, ní thuigtear go hiomlán é ach amháin nuair a bhíonn an máthair tar éis bás a fháil.

Description

Tugann gaoth geal an tEarrach smaointe grá fút,
Lán le cineáltas, le dóchas, le’d cumhacht;
Múinteoir a’b fhearr thú ó m’am ar do ghlún:
‘Sí an máthair is tabhachtaí ar domhan.

‘Sa ghaoth bog an Samhradh cuímhním tú go caoin,
Ag cómhrá sa gháirdín faoi scáth deas na grann;
Mo ghrá dhuit ag méadú le gach sioscadh ‘sna crainn:
‘Sí an máthair is tabhachtaí ar domhan.

Le gaoth fuar an Fhómhair sabháiltear na barraí
Ag stóráil an fómhar tar éis fás na bliana;
Roinn tú d’aigne ó fómhar saibhir do chroi:
‘Sí an máthair is tabhachtaí ar domhan.

I ngaoth gear an Geimhreadh is cuímhin liom do ghrá
Ag treorú mo shaol go fial le’d aigne,
Do theaghlach compórdach gach oíche is lá:
‘Sí an máthair is tabhachtaí ar domhan.

Gach gaoth is gach séasúr tugann cuimhne dom thú,
Do threoir is do aigne gan struss, gan brú,
Do shuaimhneas faoi’n fóid ‘nois, mo mhathair, mo bhrón:
‘Sí an máthair is tabhachtaí ar domhan.
‘Sí an máthair is tabhachtaí ar domhan.

Files

Collection

Citation

“Máthair Fonn: May Morning Dew Údar: Dave Barron,” From Carlow Streams, accessed October 7, 2026, https://fromcarlowstreams.ie/items/show/347.