Nadúr Millte
Údar: Dave Barron
Ceol: Cill Cais

Dublin Core

Title

Nadúr Millte
Údar: Dave Barron
Ceol: Cill Cais

Subject

Fillean an fáinleog gach samhradh
D’on áit an eiteilt ar dtús
Ach le déanaí tá siad in easnamh
‘Sé easpa cuileogaí an cúis.

Curfá
Caithin ar chlois tú an cuirliún,
Guth cuach ag breacadh an lae,
Slaparnach bradán san abhainn,
Grág traonach I ngarra an féir?

Bhí cuach ‘gus cuirliún comónta,
Ba bhreá é a nglaoch d’ár gcluas;
Ach anois tá an tírdhreach ab fhearr leo
Scroiste is millte sa tuath.

Curfá

Buaileann an bradán abhaile
Chun abhainn an dúchas a fail
Ach is broscar, is fosfáit, is camras
A bhacann an borradh cupláil.

Curfá

Ba mhaith leis an traonach an móinéar:
Bhí cosaint do’n nead ins an féir;
‘Nois bearrtar an sadhlas sa féirthalamh
Is an traonach bocht caillte ar strae.

Curfa

Files

Collection

Citation

“Nadúr Millte Údar: Dave Barron Ceol: Cill Cais,” From Carlow Streams, accessed October 7, 2026, https://fromcarlowstreams.ie/items/show/319.